Saoráid den chéad scoth is ea an léachtlann nua shrathach ina bhfuil fócas ar an inrochtaineacht. Is féidir freastal ar 96 duine sa léachtlann, lena n-áirítear dhá spás inrochtana. Is féidir an tsraith tosaigh suíochán a bhaint chun freastal ar a thuilleadh daoine i gcathaoireacha rothaí. Cinntíonn an dearadh fuaimiúil an caighdeán fuaime is fearr is féidir. An tráth céanna, cuirfidh an socrú closamhairc ardteicneolaíochta feabhas ar chuir i láthair agus cuirfidh sé ar chumas an NLI imeachtaí a thaifeadadh agus a chraoladh. Tá an fhorbairt mar chuid de thionscnamh ‘An Leabharlann Náisiúnta a Shamhlú as an Nua’.
Arsa an tAire Catherine Martin: “Tá an-áthas orm Léachtlann Joly a oscailt go hoifigiúil. Tá garsprioc eile bainte amach inniu i dtionscadal athfhorbartha an NLI ‘An Leabharlann Náisiúnta a Shamhlú as an Nua’, a bheidh, nuair a bheidh sé críochnaithe, ar an infheistíocht is mó sa Leabharlann Náisiúnta ó osclaíodh an príomhfhoirgneamh ar Shráid Chill Dara ag deireadh na 1800idí. Is é an chéim dheireanach den tionscadal ná athchóiriú agus leathnú an iar-limistéir stórála leabhar sa Sciathán Thiar. Réiteoidh sé sin an bealach d'athfhorbairt an spáis iontach seo i limistéar cultúrtha a mbeidh rochtain ag an bpobal air agus a chuirfidh le tairiscint Bhaile Átha Cliath mar áit chun cuairt a thabhairt air, chun cónaí ann agus chun obair a dhéanamh ann. Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath don obair seo, rud a ligfidh di dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den fhorbairt. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhghleacaithe in Oifig na nOibreacha Poiblí as a ndúthracht don tionscadal, a bhfuil a sheachadadh á stiúradh ag an NLI, i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí, agus tá sé á mhaoiniú ag mo Roinn. Táim ag súil le cuairt a thabhairt ar an mol cultúrtha iontach seo nuair a bheidh an tionscadal iomlán ‘An Leabharlann Náisiúnta a Shamhlú as an Nua’ críochnaithe sna blianta amach romhainn.”
Dúirt an tAire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí, Kieran O’Donnell, TD: "Is lá iontach é seo do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus do Léachtlann nua úrscothach Joly. Tá foireann Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair go dlúth le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus le roinn an Aire Martin chun léachtlann nua-aimseartha, inrochtana, inbhuanaithe a chur ar fáil agus ba mhaith liom moladh a thabhairt don obair atá á déanamh ag na foirne go léir anseo.
“Mar Aire d'Oifig na nOibreacha Poiblí, tá áthas orm go bhfuil cead pleanála tugtha don chéad chéim eile den tionscnamh ‘An Leabharlann Náisiúnta a Shamhlú as an Nua’. Nuair a bheidh sé críochnaithe, ligfidh an tionscadal athfhorbartha suntasach agus claochlaitheach seo do chuairteoirí blaiseadh a fháil den fhoirgneamh iontach seo, arna athfhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, agus na príomhghnéithe breátha atá ann coinnithe nó athdhéanta.”
Dúirt Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Dr Audrey Whitty: "Is spás den scoth é Léachtlann nua Joly a chuirfidh ar ár gcumas grúpaí móra a thabhairt isteach inár bhfoirgneamh álainn stairiúil le haghaidh léachtaí, cláir oideachais, léamha agus imeachtaí. Cuirfidh sé ar ár gcumas freisin scéal na hÉireann a thabhairt chuig spriocphobail níos mó agus níos éagsúla tríd an gcumas taifeadta agus sruthaithe a chuireann an córas nua closamhairc ar fáil. Cabhróidh sé sin linn inár misean chun cuimhne thaifeadta na hÉireann a chur ar fáil. Anois agus cead pleanála againn, tá an-áthas orainn an chéim dheireanach den tionscadal ‘An Leabharlann Náisiúnta a Shamhlú as an Nua’ a chur i gcrích.”
Tá Léachtlann Joly ainmnithe i ndiaidh Jaspar Robert Joly, fear Uíbh Fhailí arb é a thabhartas do Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath in 1863 atá mar bhonn faoi bhailiúchán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Sa tabhartas bhí leabhair, lámhscríbhinní, priontaí, léarscáileanna agus ceol bileoige. Thug sé an síntiús don RDS ar an gcoinníoll go n-aistreofaí a bhailiúchán chuig leabharlann phoiblí i mBaile Átha Cliath, pé uair a bhunófaí ceann trí Acht Parlaiminte. Bunaíodh an NLI faoi Acht na Músaem Eolaíochta agus Ealaíne, 1877 agus osclaíodh é ag a shuíomh ar Shráid Chill Dara in 1890, tar éis dó a bheith lonnaithe i dTeach Laighean ar dtús – seanfhoirgneamh an RDS.
CRÍOCH