Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Fógraíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann clár roimh Sheachtain na Gaeilge

Tá gach imeacht saor in aisce agus tá meascán i láthair go pearsanta agus ar líne chomh maith le cainteanna trí Ghaeilge agus trí Bhéarla san áireamh

Dé Céadaoin, 26 Feabhra 2025
Sinead McCoole, Dr Audrey Whitty and Máire Ní Chonalláin

Tá Clár imeachtaí fógartha ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann inniu roimh fhéile Sheachtain na Gaeilge don bhliain 2025.

Ag labhairt di ag seoladh chlár Sheachtain na Gaeilge na Leabharlainne, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Sinéad McCoole, Stiúrthóir Taispeántas, Foghlama agus Cláreagraithe: “Is é an rud a dhéanaimid ná foghlaim trí Ghaeilge agus sealúchais fhairsinge Gaeilge a thabhairt chuig lucht féachana nua. I mbliana, déanann oideachasóirí, leabharlannaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus an t-údar a bhfuil duaiseanna bainte amach aici, Mollie Nic Céile, iarracht grá na foghlama agus na leabharlainne a thabhairt le chéile inár gClár is mó riamh.”

Áirítear sa Chlár:

  • ‘Gaeilge agus Fáilte’: cruinniú pearsanta thar tae, caife, agus comhráite i nGaeilge agus ag díriú ar bhailiúcháin Ghaeilge an NLI. Beidh an t-imeacht pearsanta seo ar siúl faoi dhó, Dé Máirt, an 4 Márta agus Dé Máirt, an 11 Márta ó 11am-12pm. Suíomh: Seamus Heaney: Listen Now Again at College Green. Ní gá áirithint a dhéanamh.
  • ‘Find the Gaeilge i do chroí this Seachtain na Gaeilge’ caint ar líne le Molly Nic Céile, bean nach cainteoir dúchais Gaeilge í a scríobh treoirleabhar le déanaí bunaithe ar ‘ghrá don Ghaeilge agus Gaeilge a labhairt’. Ar siúl ar líne Dé Céadaoin, 5 Márta ag 7pm. Tá tinreamh saor in aisce, déan áirithint ar líne ag nli.ie.
  • ‘Ag Nochtadh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann | Revealing the National Library of Ireland’: caint ar líne ar sheirbhísí, tairiscintí, bailiúcháin agus imeachtaí Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear conas catalóg na gcartlann a úsáid. Cuirtear an chaint ar fáil i nGaeilge. Ar siúl ar an Déardaoin 6 Márta agus arís ar an Déardaoin 13 Márta. Tá tinreamh saor in aisce, déan áirithint ar líne ag nli.ie.
  • ‘Naomh Bréanainn: Seanchas agus Cultas, Pádraig Ó Héalaí | Naomh Bréanainn: Béaloideas agus Cultúr’: Léacht phearsanta as Gaeilge i gcomhar le Cumann Béaloideasa na hÉireann ag plé na bhfoinsí eolais ar Naomh Bréanainn atá ar fáil inniu. Cuirtear an chaint ar fáil i nGaeilge. Ar siúl ag an NLI ar Shráid Chill Dara ag 7.30pm Dé Céadaoin, 12 Márta. Tá tinreamh saor in aisce, déan áirithint ar líne ag nli.ie.
  • ‘Na Bailiúcháin Ghaeilge sa Leabharlann Náisiúnta’: Labhróidh Máire Ní Chonalláin, Coimeádaí Cúnta i Roinn na mBailiúchán Foilsithe, faoi théacsleabhair Ghaeilge atá le fáil in NLI. Ar siúl ar líne Dé hAoine, 14 Márta ag 10.30am go 11.30am. Tá tinreamh saor in aisce, déan áirithint ar líne ag nli.ie.

Bí páirteach i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le ceiliúradh a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na hÉireann sna Bailiúcháin Náisiúnta ollmhóra mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Le haghaidh tuilleadh eolais agus liosta iomlán d'imeachtaí saor in aisce téigh chuig https://www.nli.ie/exhibitions-events.

Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 1-17 Márta 2025.

CRÍOCH