Faoi cheannas an chumadóra Karen Power, tá deichniúr ceoltóir san ensemble - cúigear faoi mhíchumais intleachta agus cúigear mac léinn de chuid Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann (CARÉ). Ionchorpraítear fuaimeanna a léiríonn atmaisféar sainiúil na Leabharlainne Náisiúnta sa phíosa ceoil.
Bíonn ensemble ionchuimsitheach bunaithe ar chur chuige comhroinnte próiseasbhunaithe maidir le déanamh ceoil. Tá an próiseas oscailte, neamhchlaonta agus cuireann sé deiseanna cothroma ar fáil do cheoltóirí teacht le chéile. Meascann ‘Sounding the hidden at the NLI’ uirlisí fuaimiúla, iPadanna mar uirlisí digiteacha agus taifid allamuigh le chéile.
Ag cur fáilte roimh an gcomhfhiontar arb é an chéad cheann dá chineál é, dúirt Deborah Kelleher, Stiúrthóir Ceol-Acadaimh Ríoga na hÉireann:
“Go dtí le déanaí, ba don scothaicme cheoil amháin na ensemble ceoil amhail an cheolfhoireann - ach tríd an obair a rinneamar leis an ensemble comhroinnte don tionscadal ‘Sounding the Hidden at the NLI’ thug sé dúshlán dúinn maidir leis an gcur chuige atá againn in institiúidí agus i ndisciplíní agus ceol á dhéanamh againn le chéile. Tá Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann bródúil as a bheith i bhfeighil ar an obair seo. Ag an gcroílár, baineann an obair seo le comhchruthú, domhainéisteacht agus síorchruthaitheacht an duine - is cumadóirí agus comhoibrithe iad na ceoltóirí, agus bíonn siad ag obair ar gach gné den phíosa le chéile.
“Tuigimid gurb é an chéad cheann dá chineál é an píosa ceoil cumtha seo, a bhí comhdhéanta ag ceoltóirí cumasacha éagsúla, atá mar chuid de Bhailiúchán na Leabharlainne Náisiúnta, bʼfhéidir áit ar bith ar domhan.
“Ceann de na rudaí is spreagúla sa tionscnamh seo ná an comhoibriú nua le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann – agus NLI é féin ag soláthar na bhfuaimeanna agus na hinspioráide don obair cheoil. Is mór an chúis áthais dúinn go mbeidh an píosa críochnaithe mar chuid de Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann.”
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
“Féachann daoine ar leabharlann mar áit chiúin, ach tá fuaimdhreach cruthaithe ag an ngrúpa cumadóirí seo ón monabhar cainte atá le cloisteáil laistigh agus lasmuigh de bhallaí stairiúla an fhoirgnimh seo. Tá dlúth agus inneach an cheoil bunaithe ar mhacallaí na leabhar á gcur ar na seilfeanna, ar shiosarnach na leathanach, ar thralaithe ag bogadh ó áit go háit, ar an gclóscríobh agus an glacadh nótaí go tréan – fíorfhuaimeanna na foghlama agus na fionnachtana.
“Is obair fhiúntach álainn í atá déanta ag an ngrúpa ceoltóirí seo agus is údar mór bróid dúinn í a bheith mar chuid de na Bailiúcháin Náisiúnta ionas go mbainfear tairbhe as go ceann na mblianta.
“Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, i gcomhpháirtíocht le Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann, ag ceiliúradh tionscnamh praiticiúil chun an ceol a chur ar fáil do chách, agus tallann dhodhearmadta na gceoltóirí Éireannacha a bhfuil taithí fhairsing acu a chur i láthair.
“Is eiseamláir iad na tionscadail seo den bhailiú gníomhach atá ar bun ag an Leabharlann Náisiúnta ar shaothair na ngrúpaí tearcionadaithe sa phobal.”
Dúirt an cumadóir Karen Power:
“Is cúis mhór áthais dom é a bheith mar cheann an phróisis chomhchruthaitheach seo le CARÉ, a chuireann creatlach do ghníomhaíochtaí déanamh ceoil atá ionchuimsitheach agus comhchruthaitheach ar bun chomh maith lenár gcéad phíosa ceoil a chruthú.
“Tá an píosa ceoil bunaithe ar fhuaimeanna iontacha an NLI atá inchloiste agus dochloiste.
“Bhí sé mar aidhm againn am agus spás a thabhairt do dhaoine ar chumais éagsúla a bheith cruthaitheach ar bhonn cothrom, ag iarraidh an tuairimíocht i leith na brí a bhainimid as an gceol agus an bhrí a dʼfhéadfadh a bheith aige a athrú. Ní raibh dóigh níos fearr é seo a bhaint amach ach le bheith ag éisteacht agus ag díriú go sainiúil ar áit a raibh beo agus suntasach go cultúrtha - NLI.
“Bhí sé mar aidhm agam mar cheann an phróisis seo a chinntiú go raibh éisteacht ghníomhach mar chroílár gach céim den chumadóireacht. Theastaigh uaim timpeallacht dhúshlánach do gach aon duine a bhí páirteach ann a chruthú trí bhreithniú cúramach a dhéanamh ar cheardúlacht agus oiliúint gach aon cheoltóir.
“Creidim go bhfuil píosa ceoil cruthaithe againn atá úrnua, cáilíochtúil agus gairmiúil agus go bhfuil sé uathúil don ghrúpa daoine iontacha seo.”
CRÍOCH