Agus ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) agus Éigse Éireann, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh á eagrú, mheall comórtas na bliana seo 358 n-iontráil ó scoileanna ar fud na hÉireann. Bhí 29 n-iomaitheoir i mbabhta ceannais an chomórtais i mbliana ó 15 chontae, ón Aontroim go Baile Átha Cliath agus Maigh Eo.
Ó bhí 2007 ann, tá an fhilíocht á cur chun tosaigh in intinn daltaí leis an gcomórtas. Tá trí chatagóir ann: sóisearach, idirmheánach, agus sinsearach. Ba iad na dánta a leagadh síos i mbliana Forecast le Geraldine Mitchell (Catagóir Shóisearach), Counting the Winter Days le Nithy Kasa (Catagóir Idirmheánach), Nocturne le Eavan Boland (Catagóir Shinsearach).
Ainmníodh Anna Rose Nic Mhanais ó Choláiste Íde i gCiarraí mar an buaiteoir foriomlán agus mar bhuaiteoir na Catagóire Sinsearaí. Bhronn Stiúrthóir NLI, an Dr Audrey Whitty, corn Poetry Aloud Seamus Heaney uirthi.
Is é Kieran Flynn ó Mheánscoil Nua an Leith Triúigh i gCiarraí buaiteoir na Catagóire Sóisearaí i mbliana. Is í Saorlaith Ní Chionna ó Choláiste Oiriall i Muineachán buaiteoir na Catagóire Idirmheánaí. Bronnadh duais airgid ar gach dalta agus bronnadh éarlais leabhar ar na múinteoirí ó na scoileanna as a dtagann na buaiteoirí ar fiú €300 í le tabhairt ar ais chuig a leabharlanna scoile.
Thacaigh an file Seamus Heaney, nach maireann, leis an gcomórtas Poetry Aloud, agus luaigh sé an bealach iontach ina gceiliúrann sé an t-aoibhneas a bhaineann le bheith ag aithris filíochta agus ag éisteacht le filíocht, mar aon leis an luach a bhaineann leis an ngné Thuaidh-Theas atá ag an imeacht uile-oileáin seo.
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Is ceiliúradh cumhachtach é Poetry Aloud ar an teanga labhartha, lena dtugtar daoine óga as gach cearn den tír le chéile chun anam úr a chur i saothar filí móra na hÉireann. Leagtar béim leis an gcomórtas ar shíorchumhacht na filíochta chun daoine a chorraí, a spreagadh agus a thabhairt le chéile.”
Dúirt Liz Kelly, Stiúrthóir Éigse Éireann: “Thaitin Poetry Aloud go mór le Seamus Heaney, nach maireann. Dúirt sé i gcónaí go dtugann an comórtas ‘an fhilíocht chun cuimhne agus cion an aosa óig ar bhealach a fhágann go mbeidh seilbh agus luach acu uirthi ar feadh a saoil’. Tá lúcháir ar Éigse Éireann as a bheith ag leanúint den fhilíocht a chur i seilbh daoine óga ar feadh a saoil trí Poetry Aloud 2024.
“Tá ríméad orainn as a bheith ag obair le comhghleacaithe arís eile ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ó COC agus ó scoileanna ar fud na hÉireann. Tá Éigse Éireann tiomanta do dhaoine a thabhairt le chéile leis an bhfilíocht agus don inrochtaineacht a mhéadú do dhaoine idir óg agus aosta ó gach cúlra.”
Ar phainéal moltóirí Poetry Aloud i mbliana bhí an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Liz Kelly, Stiúrthóir Éigse Éireann, agus Anne Tannam, File Cónaithe Éigse Éireann.
CRÍOCH