Tá an t-imeacht seo, a mhaireann trí lá agus atá comheagraithe i gcomhar le MediaArea.net, tiomnaithe do mheáin oscailte, caighdeáin oscailte agus caomhnú digiteach closamhairc a fhiosrú.
Tá lúcháir ar NLI príomhimeacht bliantúil an domhain a óstáil le haghaidh gairmithe, taighdeoirí agus abhcóidí i gcomhphobal cartlainne agus caomhnaithe dhigitigh maidir le closamhairc. Mar institiúid chuimhne náisiúnta na hÉireann, tá NLI ar thús cadhnaíochta i mbailiú digiteach le os cionn 15 bliain anuas. Oibríonn foirne ildisciplíneacha de chuid NLI — lena n-áirítear saineolaithe i gcartlanna digiteach-bheirthe, i gcartlannú gréasáin agus i ndigitiú — i gcomhar le chéile chun caomhnú fad-téarmach a chinntiú maidir le bailiúcháin fhisiceacha agus dhigiteacha araon.
Áirítear leis na hócáidí cinniúnacha a tharla le déanaí an chéad Bheart um Chaomhnú Digiteach de chuid NLI a scaoileadh in 2023, foireann thiomnaithe i dtaca le Seirbhísí Taisclainne agus Caomhnaithe Dhigitigh a bhunú agus córais bainistíochta cnuasach á nua-chóiriú go leanúnach.
Arsa an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
“Is mór an onóir dúinn ár ndoirse a oscailt do No Time to Wait agus do chomhphobal idirnáisiúnta an chaomhnaithe dhigitigh. Tá stair shaibhir ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann maidir le cuimhne ár dtíre a chaomhnú agus a bhailiú agus le daonlathú an bhailiúcháin náisiúnta a threisiú trí éascaíocht rochtana. Leis an imeacht seo tugtar deis dúinn plé ríthábhachtach agus comhroinnt eolais a éascú maidir le meáin oscailte agus caomhnú digiteach sa todhchaí.”
Tá clárú do No Time to Wait, ar fáil do lucht freastail i láthair agus do lucht cian fhreastail araon, ar oscailt anois.
Foilseofar glao ar thograí go luath in 2025. Tá fáilte roimh fhorbróirí, acadóirí agus cleachtóirí a léargais a thabhairt i dtaca le meáin oscailte agus cartlannú closamhairc.
Le haghaidh fiosrúchán agus tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le info@mediaarea.net nó lean an ócáid ar X agus Mastodon. #nttw9
Le haghaidh cúlra breise a fháil maidir le No Time to Wait, tá taifid na gcomhdhálacha roimhe seo ar fáil ar YouTube.