Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ag Glaoch ar gach Scoláire Contae: Ná caill do dheis le cur isteach ar 'Poetry Aloud' le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus le hÉigse Éireann

Anois is é an 21 Deireadh Fómhair an spriocdháta chun cur isteach ar an gcomórtas náisiúnta

Dé Máirt, 8 Deireadh Fómhair 2024
Poetry Aloud trophy

The Poetry Aloud trophy

Comórtas bliantúil filíochta labhartha is ea Poetry Aloud atá oscailte do gach scoláire iar-bhunscoile ar oileán na hÉireann. Eagraíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann é le tacaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. 

Chun scoláirí breise a spreagadh le bheith rannpháirteach, chuir na heagruithe síneadh leis an spriocdháta go dtí an 21 Deireadh Fómhair, 2024, i leith iontrálacha ar fud na hÉireann.  

Arsa Sinéad McCoole, Ceannasaí ar Thaispeántais, Foghlaim agus Pleanála ag NLI: 

“Tá Poetry Aloud ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar cheann de na buaicphointí atá againn sa bhliain. Focail filíochta a bhíonn á n-aithris ag daoine óga ar nós mhórthraidisiún ársa bhard na hÉireann.  

“Tá an comórtas aithrise filíochta seo le scoláirí iar-bhunscoile an-speisialta ar fad agus leis an gcomórtas forbraíodh 'alumni na n-éirimí' ó thosaigh sé in 2006. A bhuí lenár gcomhpháirtíocht le hÉigse Éireann agus le tacaíocht leanúnach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, tá an comórtas ag dul ó neart go neart gach bliain.”  

Arsa Liz Kelly, Stiúrthóir Éigse Éireann: 

“Tá lúcháir orainn le bheith ag comhoibriú arís le comhghleacaithe ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, UCC agus scoileanna ar fud na hÉireann chun ár dtionscadal náisiúnta aithrise filíochta, Poetry Aloud, a chur i láthair. Tá mé ag tnúth le bheith ag cloisteáil ó dhaoine óga ar fud na hÉireann roimh dheireadh na míosa seo.   

“Tá sé i gceist ag Éigse Éireann rochtain ar fhilíocht a chur ar fáil do dhaoine de gach aois agus cúlra agus tá an tionscnamh iontach seo mar chuid thábhachtach dár bhféilire bhliantúil." 

Tarraingíonn 'Poetry Aloud' scoláirí isteach le filíocht labhartha, rud a chothaíonn muinín agus bród as oidhreacht scríofa oileán na hÉireann. Foghlaimíonn rannpháirtithe i dtrí chatagóir (Sóisearach, Idirmheánach agus Sinsearach) dán ceaptha amháin agus dán amháin dá rogha féin as bailiúcháin roghnaithe agus téann siad san iomaíocht ag babhtaí réigiúnacha, babhtaí leathcheannais agus ag an mbabhta ceannais náisiúnta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. 

Le bheith rannpháirteach, ba cheart do mhúinteoirí teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann ar poetryaloud@nli.ie. Is é an 21 Deireadh Fómhair, 2024 spriocdháta le cur isteach air. Chun tuilleadh faisnéise a fháil is féidir le múinteoirí agus scoláirí cuairt a thabhairt ar https://www.nli.ie/learn/poetry-aloud.   

CRÍOCH