Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ceiliúradh á dhéanamh ag NLI ar fháil The Late Night Writers Club le Annie West

Tá na céadta léaráidí, líníochtaí agus dréachtaí garbha bunaidh ón úrscéal grafach sa bhailiúchán

Dé Máirt, 12 Márta 2024
Dr Audrey Whitty and Annie West in the Reading Room

Dr Audrey Whitty and Annie West

D'fhógair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) inniu (12.03.24) go bhfuarthas cartlann amhairc ón maisitheoir Annie West, a cruthaíodh mar chuid den obair ar a húrscéal grafach The Late Night Writers Club.

Tá an maisitheoir, atá lonnaithe i Sligeach, ar dhuine de líon beag maisitheoirí leabhair in Éirinn nach bhfuil ag obair ach ar pháipéar go fóill. Tá níos mó ná 105 léaráid bhunaidh pinn agus dúigh lándaite, 272 leathanach de dhréachtaí agus nótaí sa chartlann amhairc, chomh maith le hobair ar ghrianghraif agus físeáin atá ar siúl.

Insítear in The Late Night Writers Club scéal údair chumasaigh nua, a ghlacann dídean in NLI ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath ar thóir inspioráide ag an nóiméad deireanach agus é ag fulaingt ó bhloc an scríbhneora agus tinneas cinn mistéireach. Le linn dó a bheith ansin, buaileann an t-údar le scata móruaisle liteartha na hÉireann, ina measc James Joyce, WB Yeats, Sean O'Casey, Oscar Wilde, Samuel Beckett, Seamus Heaney, Elizabeth Bowen, Maeve Binchy, Maria Edgeworth, Patricia Lynch agus Katherine Tynan, i measc daoine eile.

Cuirfear an bailiúchán ar fáil don phobal nuair a bheidh catalógú déanta air.

Ag labhair di, dúirt Stiúrthóir NLI, an Dr Audrey Whitty: “Ceann de na príomhchuspóirí atá againn i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ná ábhair chomhaimseartha a bhailiú go réamhghníomhach a insíonn scéal na hÉireann. Tugann an cnuasach seo deis dúinn gné eile d'oidhreacht chruthaitheach, liteartha agus stairiúil na hÉireann a cheiliúradh. Is bailiúchán iontach é seo de shaothar ealaíne agus nótaí gaolmhara a insíonn an scéal faoin gcaoi ar forbraíodh an leabhar seo – is bónas iomlán é go bhfuil an leabhar suite i dtimpeall iontach fhoirgneamh NLI féin.

Tugann an cnuasach seo léargas, dath agus saol úr dúinn ar an gcaoi ar féidir linn ár laochra liteartha a iniúchadh le himeacht ama, ó Maria Edgeworth agus Oscar Wilde go Patricia Lynch agus Maeve Binchy. Is cosúil go léimeann carachtair Annie de leathanaigh an úrscéil ghrafaigh seo. Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann oscailte don phobal agus tugaim cuireadh do dhaoine teacht isteach agus blaiseadh a fháil de na suíomhanna ar fad atá cruthaithe ag Annie ina leabhar.”

Ag labhairt di faoina bailiúchán, dúirt an maisitheoir Annie West: “Is iontach agus is mór an onóir dom mo chuid saothair a bheith mar chuid dár mbailiúcháin náisiúnta. Níos tábhachtaí fós, is saothar é atá bunaithe ar léaráidí. Déantar dearmad go minic ar mhaisitheoirí le taobh ár bpiaraí liteartha – ach san úrscéal seo, is iad na maisiúcháin a threoraíonn tú trí shaol mór ár Leabharlainne Náisiúnta, ní na focail amháin. I ndomhan lán leis na meáin shóisialta agus dhigiteacha agus físeáin, tá sé chomh riachtanach sin go mbeadh meas mór againn ar cheird na léaráidí agus an dearadh a dhéantar de láimh in Éirinn, ní hamháin do na daoine cruthaitheacha féin cosúil liomsa, ach dúinne mar shochaí chun meas a léiriú ar aoibhneas na litearthachta amhairc agus ar na meáin amhairc agus ar an méid a thugann siad sin dúinn inár scéalaíocht. Tá léirithe arís eile ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a thiomanta atá sí d'ábhair chruthaitheacha chomhaimseartha a chatalógú, a chaomhnú agus a chur ar fáil, ní hamháin iad siúd ónár stair”.

CRÍOCH