Léirítear sa taispeántas na hathruithe sóisialta, cultúrtha agus teicneolaíochta a tharla ar fud na hÉireann idir lár an 19ú haois agus tús an chéid seo, agus tugtar léargas ann ar an saol mar a bhí i gCo. Chiarraí.
Tugtar léargas sa taispeántas ar stair na hÉireann agus ar éabhlóid na grianghrafadóireachta. Caoga grianghraf a tógadh idir 1858-2001 atá sa taispeántas, agus clúdaíonn an tréimhse sin ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn. I measc na ngrianghraf atá ar taispeáint tá cineálacha pictiúr a tógadh nuair nach raibh an ré sin ach ina tús, ar nós steiréiphéirí agus priontaí a rinneadh trí phróiseas lenar cuireadh tuaslagán salainn ar pháipéar. Tá cineálacha grianghrafadóireachta ó thráth is gaire den lá inniu le feiceáil sa taispeántas freisin.
Íomhá faoi thrácht a glacadh i gCiarraí de Bhaile Átha Cliath in aghaidh Chiarraí, ag cluiche ceannais Sinsir peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath ar an 16 Meán Fómhair 1979.
Íomhá eile a tógadh i mBearna an Choimín, Cill Airne, Co. Chiarraí, feictear bean óg, den ainm Bridget Sweeney, ar tugadh an 'Gap Girl' uirthi. Tá sé seo mar chuid de shraith de sheacht bportráid de mhná áitiúla a dhíol sólaistí ag láithreáin turasóireachta ar a bhfuil tóir i gCill Airne. Is íomhánna comhionanna iad 'steiréiphéirí' a ghlacann ceamara le dhá lionsa, rud a chruthaíonn íomhá 3D nuair a bhreathnaítear orthu trí amharcóir speisialta ar a dtugtar 'steiréascóp'.
Áirítear sa taispeántas freisin grianghraf a glacadh ag Craobhchomórtas Treabhdóireachta an Domhain i gCill Airne, Contae Chiarraí an 8 Deireadh Fómhair 1954. Thug iomaitheoirí as 12 thír dúshlán na craoibhe a bhuaigh Hugh Barr, as Cúil Raithin, Contae Dhoire. Taispeánann an grianghraf ón aer na stallaí ag cur earraí talmhaíochta chun cinn agus á ndíol.
Ag labhairt di, dúirt Sara Smyth, Ceannasaí Gníomhach na dTaispeántas, na Foghlama agus na gClár in NLI agus coimeádaí an taispeántais seo:
“Na nithe a bhailítear inniu, is stair a bheidh iontu amárach. Sa ról atá aici i ndáil le cuimhne na hÉireann a choimeád, leanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar aghaidh ag bailiú agus ag roinnt cnuasach náisiúnta bríomhar ina ndéantar doiciméadú ar an saol stairiúil agus an saol comhaimseartha ar oileán na hÉireann. Tá os cionn cúig mhilliún grianghraf i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus is taifead fíorluachmhar iad ar stair agus cultúr na hÉireann.
“Beidh an taispeántas ar siúl go dtí 2025 agus beidh grianghraif i bhfrámaí ó 20 dár mbailiúcháin is mó ráchairt le feiceáil i gcéim a haon. Tugtar léargas sna híomhánna a roghnaíodh ar éagsúlacht na hÉireann agus tá grianghraif ann ó bheagnach gach contae, ó thuaidh agus ó dheas.
“Dírímid aird ar phobail den lucht oibre agus den mheánaicme; ar na mná, dream nach mbíonn le feiceáil chomh minic leis na fir in íomhánna ón am atá caite; agus léirímid pobail tuaithe agus pobail uirbeacha taobh le chéile. Tugtar aghaidh freisin ar théamaí, amhail an t-athrú aeráide agus cúrsaí iompar.”
Bí linn le haghaidh turas saor in aisce le coimeádaí an taispeántais, Sara Smyth i rith an tSamhraidh. Beidh turais ar siúl Déardaoin 20 Iúil agus Déardaoin 17 Lúnasa ó 1.00-1.40pm. Ní gá aon áirithint a dhéanamh.
Má bhíonn tú i mBaile Átha Cliath le cairde, páistí óga nó teaghlach, is féidir leat bualadh isteach go dtí an taispeántas Daoine agus Áiteanna atá saor in aisce agus inrochtana 10am-4pm Luan go Domhnach, le cead isteach deiridh 3.30pm.
Chun tuilleadh grianghraf atá mar chuid de bhailiúcháin NLI a fheiceáil, téigh gowww.nli.ie.
CRÍOCH