Home, National Library of Ireland
Roghchlár

An Leabharlann Náisiúnta ag dul i bpáirt leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun Paula T Nolan a fhógairt mar an gcéad Ghrianghrafadóir Cónaithe

Bainfidh an grianghrafadóir úsáid as an gcóras iompair phoiblí chun Éire a thaisteal agus teagmháil a dhéanamh le pobail áitiúla lena dtimpeallacht chónaithe agus tírdhreacha athraitheacha na hÉireann a scrúdú

Dé Luain, 27 Bealtaine 2024
photographer in residence image

D’fhógair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI), i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), inniu gurb í Paula T. Nolan as Baile Átha Cliath an chéad fhaighteoir dá gCónaitheacht Ghrianghrafadóra.

Is é an teideal atá ar thionscadal Paula ná ‘Athfhéachaint ar Éirinn: Staidéar Grianghraf ar Thimpeallacht na hÉireann’, tionscadal ina ndéanfaidh Paula taisteal ar an gcóras iompair phoiblí chuig gach ceann de na 26 chontae thar thréimhse bliana. Thar na ceithre shéasúr, glacfaidh Paula íomhánna a bhfuil spéis timpeallachta ag baint leo. Beidh cúnamh aici ó rochtain ar shaineolaithe na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus ar bhailiúchán ghrianghrafadóireachta na Leabharlainne Náisiúnta. Tógfaidh sí grianghraif agus cuirfidh sí i gcomparáid iad leis an méid a fheiceann sí i dtírdhreach an lae inniu.

Agus an fhógairt á déanamh ag an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, dúirt sí:

“Tá áthas orainn a fhógairt gurb í an t-ealaíontóir–grianghrafadóir roghnaithe don chéad chónaitheacht, do 2024 ná Paula T. Nolan leis an tionscadal dar teideal ‘Athfhéachaint ar Éirinn: Staidéar Grianghraf ar Thimpeallacht na hÉireann’. Cuimsítear ina saothar an misean atá ag an Leabharlann Náisiúnta, is é sin cuimhne thaifeadta na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a chur ar fáil. Cuimsítear sa chónaitheacht seo dhá phríomhcholún de Phlean Straitéiseach na Leabharlainne Náisiúnta sa chaoi sa is go gcuimseofar ann tírdhreacha agus muirdhreacha na hÉireann de bhíthin an tionchair agus an spreagtha.”

Chuir Ard-Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, Laura Burke, fáilte roimh an bhfógairt agus dúirt: “Le scór go leith bliain anuas, is é ról na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ná timpeallacht na hÉireann a chosaint, a fheabhsú agus a athbhunú trí rialáil, eolas eolaíoch agus oibriú le daoine eile. Leis an bpáirtíocht seo idir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus an Leabharlann Náisiúnta, agus le cónaitheacht Paula dá bharr, cruthófar cartlann a mbeidh luach as cuimse léi thar na chéad scór go leith bliain eile, ina ndéanfar sárthaispeántas den staid ina bhfuil ár dtimpeallacht ar bhealach nua spreagúil. Tá mé ar bís go dtabharfaidh an tionscadal seo eolas cultúrtha agus eolaíochtúil le chéile, agus go gcothófar tuiscint níos doimhne ar ár dtimpeallacht ag tráth thar a bheith tábhachtach – ina bhfiafrófar faoin staid ina bhfuilimid, an áit as a dtángamar agus faoin treo ina bhfuilimid ag dul.”

Bhí an méid seo le rá ag Ceannasaí Taispeántas, Foghlama agus Cláreagraithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Dr. Sinéad McCoole: Nuair a bhíonn teagmháil ag daoine lenár mbailiúcháin in NLI, cuirtear deiseanna iontacha ar fáil chun bualadh le cruthaitheoirí ábhair – idir scríbhneoirí comhaimseartha, mhaisitheoirí leabhar agus ghrianghrafadóirí amhail Paula T. Nolan. Tá taithí fhorleathan ag buaiteoir na chéad Chónaitheachta Grianghrafadóra ag NLI/EPA, agus bainfidh sí úsáid as an taithí sin ar mhaithe le rannpháirtíocht saoránach chun go gcuirfidh sí Éire in 2024 in iúl trína lionsa.”

Dúirt Paula T. Nolan, an Grianghrafadóir Cónaithe: “Is buaicphointe mo shaoil mar ealaíontóir–ghrianghrafadóir é gur roghnaíodh mé mar Ghrianghrafadóir Cónaithe EPA/NLI. Níl ábhar níos gaire do mo chroí ná níos tábhachtaí dúinn uile ná go mairfidh an cine daonna agus an dúlra i bhfianaise na bagartha ón éigeandáil aeráide. Tá mé buíoch as an deis a fháil a bheith ag obair leis an ábhar seo ar bhonn físiúil, le daoine a bhfuil níos mó ar eolas acu ná mar atá agamsa, chun bailiúchán saothar a chruthú ina gcuirtear in iúl bliain de thimpeallacht na hÉireann.”

Bunaíodh an EPA in 1993 agus tá urraíocht á dhéanamh aige ar an gclár mar chuid dá cheiliúradh 30 bliain. Cuirfear an tsraith dheireanach de ghrianghraif dhigiteacha leis na buanbhailiúcháin náisiúnta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

CRÍOCH