Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le litríocht chomhaimseartha na hÉireann a cheiliúradh agus Éireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu a thabhairt le chéile le haghaidh sraith uathúi

Faoi thrácht sa tsraith ‘Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu’ beidh Paul Lynch, John Banville, Anne Enright agus Roddy Doyle

Dé Luain, 8 Aibreán 2024
Collage of portraits of Irish writers

Déanfaidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ceiliúradh ar chuid de na scríbhneoirí beo is fearr sa tír le sraith léamha agus comhráite le ceathrar de bhuaiteoirí Éireannacha Dhuais Booker.

Cuirfear tús leis an tsraith ‘Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu’ ar an 23 Aibreán nuair a bheidh buaiteoir reatha Dhuais Booker, Paul Lynch, i mbun comhrá leis an úrscéalaí Belinda McKeon. Léifidh an tUasal Lynch sliocht ón úrscéal sárdhíola idirnáisiúnta a chuir sé amach in 2023, ‘Prophet Song’, le tús a chur leis an imeacht; ina dhiaidh sin déanfar mionphlé ar an leabhar, chomh maith lena ghairm bheatha go ginearálta, agus tabharfar cead cainte ansin don lucht féachana sula dtabharfar an t-imeacht chun críche. Leanfar ar aghaidh leis an tsraith i mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh le buaiteoirí eile amhail John Banville, Anne Enright, agus Roddy Doyle.

Seo a leanas an tsraith iomlán ‘Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu’:

Dé Máirt, an 23 Aibreán           

Buaiteoir Dhuais Booker 2023, Paul Lynch, i mbun comhrá le Belinda McKeon maidir le ‘Prophet Song’.

Dé Máirt, an 7 Bealtaine                      

Buaiteoir Dhuais Booker 2005, John Banville, i mbun comhrá le Claire Kilroy maidir le ‘The Sea’.

Dé Máirt, an 14 Bealtaine        

Buaiteoir Dhuais Booker 2007, Anne Enright, i mbun comhrá le Nuala O’Connor maidir le ‘The Gathering’.

Dé Máirt, an 11 Meitheamh     

Buaiteoir Dhuais Booker 1993, Roddy Doyle, i mbun comhrá le Rob Doyle maidir le ‘Paddy Clarke Ha Ha Ha’.

Is é an cláreagraí liteartha Alan Hayes coimeádaí na sraithe.

Beidh na himeachtaí ar siúl i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, agus gach ceann acu le tosú ag 6:30pm

Dúirt an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Is í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leabharlann taifid na hÉireann agus tá sí ar cheann de leabharlanna taisce dlíthiúla na tíre chomh maith. Fágann sé sin go bhfuil cóip de gach leabhar a fhoilsítear in Éirinn, gach leabhar le húdar Éireannach; 

agus gach leabhar a bhfuil spéis Éireannach ann ag NLI. Áirítear leis sin gach uile leabhar leis na hÉireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu.

“Tá cultúr agus stair liteartha an-saibhir ag Éirinn, agus is mór an onóir dúinn na daoine mór le rá seo i saol na liteartha comhaimseartha a thabhairt le chéile mar chuid den tsraith seo ‘Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu’. Táim ag tnúth go mór leis na comhráite a chloisteáil agus na buaiteoirí Booker seo ag déanamh plé ar a gcuid úrscéalta le scríbhneoirí eile.

“Le scéal na hÉireann a insint, ní mór dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoireacht chomhaimseartha na hÉireann, agus tá an-áthas orainn ár gcion féin a dhéanamh chuige sin. Tá na himeachtaí saor in aisce agus oscailte do chách, ach níl ach líon teoranta ticéad ar fáil. Mar sin, molaimid áirithint a dhéanamh gan mhoill.”

Bhí an méid seo le rá ag Ceannasaí Taispeántas, Foghlama agus Cláreagraithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Dr. Sinéad McCoole: “Tá lúcháir orainn go bhfuil an tsraith thionscnaimh seo le díriú ar litríocht chomhaimseartha na hÉireann agus le ceiliúradh a dhéanamh orthu siúd a bhfuil aird idirnáisiúnta gnóthaithe acu as Duais Booker a bhaint. Tá sé thar a bheith tábhachtach cluas a thabhairt do scríbhneoirí i mbun comhrá le scríbhneoirí in áit a bhfuair an oiread sin d’fhathaigh liteartha an ama atá thart a n-inspioráid i leabhair agus i bpáipéir na ndaoine a tháinig rompu.”

Dúirt coimeádaí na sraithe, Alan Hayes: “Tá Éire aitheanta go hidirnáisiúnta as feabhas ár gcuid litríochta, agus ní haon ionadh é mar sin go bhfuil ag éirí chomh hiontach sin leis an tír in ainneoin a laghad atá sí. Is í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann stór beo scríbhneoireacht na hÉireann sa dá theanga; is í bunchloch ár gcultúir í agus tá sí i gcroílár ár sochaí. Is mór an pléisiúr dom mar sin a bheith ag obair leis an Dr. Audrey Whitty agus leis an bhfoireann fhuinniúil atá curtha le chéile aici le ceiliúradh a dhéanamh ar na leabhair agus ar na húdair cheannródaíocha seo a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu, ní hamháin anseo in Éirinn, ach ar fud an domhain chomh maith.”

Is féidir ticéid don tsraith ‘Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu’ a chur in áirithe ar láithreán gréasáin NLI. Tá na ticéid saor in aisce, ach níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Mar sin, moltar áirithint a dhéanamh gan mhoill.

CRÍOCH