Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Sonraí faoi chlár chun teorainneacha sa litríocht a phlé fógartha ag NLI

Beidh Border Literatures ar siúl idir Meán Fómhair 2021 agus Márta 2022

Dé Máirt, 14 Meán Fómhair 2021
Grafaic le haghaidh Litríocht na Teorann

Grafaic le haghaidh Litríocht na Teorann

Tá sonraí fógartha inniu (14.09.21) ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann maidir le clár nua léitheoireachta agus comhrá ar líne ina ndéantar plé ar theorainneacha sa litríocht.

Sa chlár ‘Border Literatures’, tabharfar dearcthaí éagsúla litríochta faoin taithí a bhíonn le fáil thart ar theorainneacha in Éirinn agus in áiteanna eile. Déanfar scrúdú ar na bealaí a léiríonn scríbhneoirí ó chúlraí éagsúla smaointe faoi chríochdheighilt ina saothar. 

Beidh Border Literatures ar siúl ó Mheán Fómhair 2021 go Márta 2022 agus beifear ag cuimhneamh ar an gcéad bliain atá imithe tharainn ó tháinig críochdheighilt na hÉireann. Mar thús sa chlár beidh comhrá comparáideach ann faoi theorainneacha agus é mar chuspóir ann meascán dearcthaí a chloisteáil maidir le teorainneacha i gcomhthéacsanna cultúrtha éagsúla. Beidh imeachtaí ann ansin dírithe ar léamha ceathrar údar: Eugene McCabe, Andrea Carter, Sue Divin, agus Seamus Heaney. Díreofar ar dhuine amháin den cheathrar údar seo ar gach ceann de na léamha, iad á gcur i láthair ag triúr scríbhneoirí agus criticeoirí a dhéanfaidh an plé a threorú. Mar chlabhsúr leis an tsraith beidh comhrá againn idir ceathrar scríbhneoirí comhaimseartha a bheidh ag caint ar a saothar féin agus an teorainn.

Tá an clár á chomhléiriú ag an Ollamh Nicholas Allen agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i gcomhar le Lárionad Willson do na Daonnachtaí agus na hEalaíona in Ollscoil Georgia.

Agus í ag labhairt mar chuid den fhógra, arsa Stiúrthóir NLI, an Dr Sandra Collins: “Agus Deich mBliana na gCuimhneachán fós á chomóradh againn, dar linne sa Leabharlann Náisiúnta go dtugann Border Literatures seans dúinn dearcthaí litríochta a chur le comhráite ar chéad bliain den chríochdheighilt. Tá an clár á léiriú le gur féidir linn freastal ar thaithí ó réimse bealaí a bhfuil an teorainn á léiriú sa litríocht, idir litríocht stairiúil agus chomhaimseartha. 

Ar an ábhar gurb í coimeádaí cuimhní na hÉireann í, tá an-áthas orainn i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann go raibh seans againn a bheith ag obair leis an Ollamh Allen ar an tsraith seo ós rud é gur áis thábhachtach atá inár mbailiúcháin le haghaidh mac léinn maidir le gach gné de litríocht agus de chultúr na hÉireann le gur féidir leo na téamaí a phléifear a mheas.”

Arsa comhléiritheoir na sraithe, an tOllamh Nicholas Allen: “Páirt dhomhain den athrú samhlaíoch ó bhonn a bhí taobh thiar den athrú polaitiúil in Éirinn céad bliain ó shin ab ea an litríocht, an taibhiú, na físealaíona agus na healaíona sonacha. Tá siad fós ina n-áis trínar féidir slite úra le breathnú ar a chéile teacht chun cinn. Sa spiorad sin, deis atá in Border Literatures na bealaí a fhiosrú ina léiríonn scríbhneoirí ó chúlraí agus dearcthaí éagsúla an taithí a bhíonn acu ina gcónaí cois teorainneacha ina gcuid ealaíne, sa tírdhreach agus sa phobal.”

Beidh an chéad imeacht de chuid Border Literatures: A Conversation, ar siúl Dé Céadaoin an 22 Meán Fómhair ar 7.00pm. Orthu siúd a labhróidh ar an oíche beidh Stiúrthóir NLI an Dr Sandra Collins, an tOllamh Nicholas Allen, Kapka Kassabova, Garrett Carr, Dónal Hassett agus Suchitra Vijayan.

Le tuilleadh eolais agus an clár imeachtaí is déanaí a fháil, féach https://www.nli.ie/ga/border-literatures.aspx [note: hyperlink to be updated]   

CRÍOCH