D’fhéach an grúpa óna bhunú le saothair ealaíne agus réada eile a bhfuil tábhacht stairiúil ag baint leo do bhailiúcháin náisiúnta agus phoiblí na hÉireann a dhaingniú, agus a gcuid spéise a chur chun cinn ar bhealaí eile.
An mhí seo caite, rinne Leabharlann Náisiúnta na hÉireann óstáil ar Chairde Bhailiúcháin Náisiúnta na hÉireann (FNCI) agus ar aíonna speisialta eile chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain an chumainn a bhunaigh Sarah Purser, gníomhaí agus ealaíontóir clúiteach, sa bhliain 1924.
Ar taispeáint le linn an tráthnóna bhí roinnt réad a bhain le stair FNCI mar eagraíocht agus réada i mbailiúchán NLI a fuarthas trí thabhartais fhlaithiúla ó FNCI. Labhair uachtarán FNCI, an staraí ealaíne iomráiteach John Turpin leis an slua a bhí i láthair. Ina dhiaidh sin bhí léacht, a raibh léaráidí leis a thug an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ag cur béime ar chuid de na reada tábhachtacha agus éagsúla a tháinig chun bheith faoi chúram na leabharlainne trí Chairde Bhailiúcháin Náisiúnta na hÉireann.
Táimid ag tnúth le comhoibriú leanúnach le FNCI, de réir mar a thagann méadú ar ár mbailiúcháin trí thaisce dhlíthiúil, forshealbhú, tiomnachtaí agus tabhartais. Tá an méadú seo ríthábhachtach chun coinneáil suas lenár stair, chun taifead agus cartlannú a dhéanamh de réir mar a nochtann an saol thart orainn agus is grúpa iad Cairde Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann a chuidíonn leis an mbailiúchán ríthábhachtach seo d’ábhar atá le sealbhú sa Leabharlann Náisiúnta, an leabharlann ina ndéantar taifead agus cuimhní na hÉireann a choimeád.